Is scríbhneoir dátheangach í Caitríona Lane. Rugadh agus tógadh í i mBaile Átha Cliath. Cónaíonn sí i gConamara.
Tá gearr scéalta agus dánta dá cuid foilsithe ag Poetry Ireland, Feasta, Aneas, The Echo, The Galway Advertiser.
Roghnaigh Éigse Éireann- Poetry Ireland a cuid saothair don tsraith Céadlínte 2022.
Tá a cuid filíochta ráite ar árdán ag ILFDublin, ag Féile i Wisconsin, ag Féile/ An Fiach Dubh, agus ag Clifden Arts Festival.
Bhronn Foras na Gaeilge áit uirthi ar an Scéim Meantóireachta 2022. Bhain sí duais amach dá scríbhneoireacht le comórtas Connemara Community Radio 2019 agus an chéad duais sa chomórtas filíochta de chuid Words by Water/ Cionn tSáile 2020.
Cuireadh chun dinnéir
Caitríona Lane
Ag féachaint siar ar an eachtra, cuimhníonn sí gurb ait an rud é , gurb é an Breitheamh é
féin a chuir glaoch uirthi. Cén fáth nach raibh sí ar an airdeall ag an am. Ach, meabhraíonn sí dí féin gur nua cháilithe mar abhcóide a bhí sí agus ní mar bhleachtaire. Conas a chuir
sé é? Sea, bhí a bhean chéile Lucy tar éis iarraidh air cuireadh a thabhairt do Neasa Ní
Mhaonaigh teacht chun dinnéir ar an Satharn. Cad eile a dúirt sé? “Ní ghlacfaimid le
leithscéal ó éinne don chéiliúradh seo , ná bíodh moill ort a Neasa. Fág d’eochracha sa
bhaile, beimid ag ól anseo go maidin, togha agus rogha gach di” agus rinne sé gáire.
B’aisteach a ghlór údarásach a chloisteáil ar a guthán póca. Bheartaigh Neasa dul ar
an traein ó Dhroichead Átha go Baile Brigín. Bhí na sceitimíní uirthi. Labhair Lucy go
minic faoina gairdín mór agus bhí grianghraif dá bláthanna feicthe ag Neasa. Dlíodóir
cumasach ab ea bean chéile an bhreithimh agus bhí Neasa faoi chomaoin aici as seans a
thabhairt dí sa chúirt. Ba sa chúirt chéanna a tháinig sí os comhair an bhreithimh Ó Ruairc
don chéad uair. Mhothaigh sí umhal ina láthair. An chaoi a ndeirfeadh sé “ciontach nó
neamhchiontach?”. B’shin an chéad chás a bhuaigh sí. In óstán an Shelbourne a bhuail sí leis féin agus Lucy agus lucht dlí eile roimh an Nollaig. Bhí na scéalta cloiste aici faoin teach breá Seoirseach cois trá acu, radharcanna ar shléibhte an Dúin ón tríú úrláir.
D’fhág an tacsaí ag geata an tí í. Teach uasail ina aonair suite ar an gcósta i bhfad ó
thorann an bhaile. Páirceanna ar dhá thaobh agus gan le cloisteáil ach glór na dtonnta ag
briseadh ar na carraigeacha agus curfá éin mara. É sin agus tafann. Ar oscailt an gheata
déanann dhá ghadhar uirthi ach filleann siad láithreach i dtreo a máistir nuair a thugann an breitheamh ordú gonta borb dóibh. An t-aer ar maos le cumhracht bláthanna. Clapsholas ag titim. Atmaisféar draíochtúil leis na coinnle ar lasadh. Tá ceirnín de chuid Leonard Cohen ar an seinnteoir. Tá boladh spíosraí ag teacht ón gcistin ach de réir dealraimh tá an seomra suite folamh. Tá an halla folamh. Níl éinne sa ghairdín chúil. Breathnaíonn an breitheamh uirthi ó fhuinneog na cistine. Doirteann sé fíon dearg isteach i ndhá ghloine agus leanann sé amach í sa ghairdín. “Is í Lucy atá freagrach as na bláthanna uilig. Tá bealach aici leo. Fágann sí na glasraí fúmsa agus ar ndóigh cé eile atá ar fáil i gcomhair bhaint an fhéir”. Glacann Neasa leis an ngloine fíona uaidh . “Cá bhfuil Lucy?”.
“Nár luaigh mé cheana leat? Imithe , imithe uaim don deireadh seachtaine, agus rinne sé
meangadh gáire leathan, is amhlaidh nár inis sí duit. Cóisir ar ceal!”.
Neasa ina tost anois. Ag machnamh. Ach, nach eisean , é féin a chuir glaoch uirthi ar son
Lucy? Mearbhall uirthi. Neamhurchóideach ach gan airdeall aici ar an scéal.
“ Nach méanar domsa , go bhfuil do chomhluadar agam anseo anois le haghaidh na hoíche. Bhí mé an -tógtha leat sa chúirt, a Neasa. Tá mianach abhcóide cumasach ionat don todhchaí amach anseo. Mise a rá leat!”. Caitheann siad achar ama ansin sa ghairdín ag siúl agus an teach gloine á thaispeáint aige dí. Glasraí de chuile shaghas ag fás go flúirseach faoi theas na gréine. Taispeánann sé an t-úllord dí. Míníonn sé cé chomh tábhachtach ‘s atá crainn i gcoitinne don aeráid agus don timpeallacht. Cáineann sé easpa béime an rialtais ar chúrsaí éiceolaíochta. Éisteann Neasa leis go réidh gan aon agó. Déanann sí dearmad gurb eisean an breitheamh sa chúirt. Mothaíonn sí ar a suaimhneas. Labhraíonn sé go paiseanta faoin ngarraíodóireacht. Bogann sraith de ‘Verbeena Bonariensis’go séimh mar sióga in aghaidh leoithne samhraidh . Ní luann sé Lucy arís. “Ithimis agus ólaimis. Is amhlaidh go bhfuil an sicín réidh”. Filleann siad i dtreo an tí. Saineolaí an tsaoil agus an spéirbhean.
Glacann sí leis an dara gloine uaidh. Tá sí spíonta leis an ocras agus beartaíonn sí gan
smaoineamh ar cé chomh hait ‘s a mhothaíonn sé bheith i dteach Lucy gan í, gan trácht ar
aíonna eile. Cé chomh dochreidte ‘s a mhothaíonn sé a bheith ag caint ‘s ag comhrá leis an
mbreitheamh Ó Ruairc. Deis chun foghlama uaidh ar ndóigh. Ceithre chúrsa a leagtar ós a
comhair.
Ligeann sí a scíth tar éis gloine a trí agus druidtear na cuirtíní sa seomra suite. Troscán ársa costasach. A leithéid nach bhfuil ar fáil i dteach feirme a tuismitheoirí i gCo. Lú. Cuireann Ó Ruairc breis adhmaid ar an tine. Tine chnámh Naomh Eoin. Ólann siad branda. Pléann siad cúrsaí domhanda, ealaín na meánaoise, filíocht Heaney. Tá an bheirt ar a sáimhín só.
Nuair a ligeann sí osna deir O Ruairc “leaba i ndán duit”. Leanann sí é suas an staighre.
Tá an teach ollmhór. É ina dhorchadas seachas gealach mhór chiorclach mar liathróid sneachta lasmuigh. Osclaíonn an breitheamh doras. “Ba é seo an leabharlann nuair a tógadh an teach i 1827” a deir sé. “Tá réimse leabhar anseo nach bhfuil fáil orthu aon áit eile in Éirinn , geallaim duit”. Téann sé ar a ghlúine ansin agus lorgaíonn agus aimsíonn bosca cipíní mar aon le paicéad tabac a bhí as radharc faoi tholg leathair. Suíonn sé. “Suigh liom a Neasa”.
Ag féachaint siar ar an oíche sin, tagann rince na cuileoige agus an damhán alla chuici. Suíonn agus léiríonn an breitheamh dí conas tabac agus tuilleadh a chaitheamh.
Osclaíonn sé fuinneog. Cumhracht aoibhinn san aer ón ngairdín. Lasann sé toitín
caol fada. “Tóg é, glac é go réidh, isteach sna scamhóga agus amach trí do pholláirí”.
Glacann Neasa uaidh é agus déanann sí a macasamhail.
Ag féachaint siar anois, ní cuimhin léi cén fhad ar fhan siad mar sin sa leabharlann,
sínte ar an tolg ag plé liricí Dylan mar file nó amhránaí, ag caint faoi thaibhsí , ag bleadracht agus ag fanacht ina dtost. Agus ina dhiaidh sin ó am go chéile sna trithí gáire gan fáth ar bith. Ní cuimhin léi mórán eile ina dhiaidh sin agus í nocht i leaba léi féin i seomra eile.
Agus na cuimhní eile a thagann anois chun solais gan stad gan staonadh. Cuimhní cinn a
thagann le fórsa fíochmhar. An breitheamh ina shuí ar thaobh an leapa, ag rá go ndúirt Lucy leis bheith cúramach le Neasa agus aire a thabhairt dí agus í as baile. Dúirt sé go raibh sé chun suathaireacht cinn a thabhairt di.
Ag féachaint siar arís is léir go bhfuil cuimhní láidir, substainteach aici ar an mbealach a
leag sé a dhá lámh uirthi , ar a droim teann. Cé chomh snasta ‘s a bhí a mhéara ag brú
isteach ar na snaidhmeanna ina guaillí agus a matáin muiníl. An bealach inar
shleamhnaigh sé síos a dromlach ar nós pianódóir. Saineolach ar chuile veirteabra. Easpa
struis. Teannas laghdaithe. Bog. Athrú sa rithim. Níos boige. Shlíoc sé a cuid gruaige . A
droim ar nós léarscáile, a mhéara anois, ó thuaidh, ó theas, aniar ‘s anoir. Agus athrú rithime arís. An breitheamh ar an airdeall anois. Airíonn sé gluaiseacht coirp an bheag, bídeach fiú ach beireann sé ar an ngluaiseacht seo. Le máistreacht, éiríonn leis gan focal a rá, í a bhogadh timpeall go dtí go bhfuil sí faoi. Gréasán an damháin alla. Meáite ar a mhianta craicinn a shásamh. Tá súile Neasa dúnta. Tá faobhar uirthi. Mianta collaí a bhí múscailte inti ag borradh. Beireann sí greim as a beola féin. Santaíonn sí teagmháil. Teagmháil a dhá lámh ar a bolg, ar a brollach, Agus tá drúisiúlacht i bhfolach go doimhin istigh inti ag lorg sásaimh. Gafa i dtobar dúile. Gach géag ag lorg faoisimh. Gliceas rógaire agus foighne an diabhail ag an mbreitheamh. Íslíonn sé é féin uirthi ach osclaíonn Neasa súil amháin agus súil eile. Brionglóid briste. A céadfaí ar ais. Lár tromluí. Aghaidh críonna agus corp ramhar an bhreithimh os a cionn. “ Éirigh as , lig dom”. Ní chailleann an breitheamh a ghuaim riamh. Cuimlíonn sé a leiceann. “A Neasa, ní raibh uaim ach tú a shásamh, sin an méid. Tá fhios agat”. Leis sin , tá sé imithe . Agus luíonn sí léi féin sa dorchadas, déistin uirthi. Gach uile ghéag dá corp ar tí pléascadh muna bhfaightear faoiseamh an phléisiúir.
Néal codlata ní fhaigheann sí. Lorgaíonn sí uisce sa seomra folctha agus stánann uirthi féin
sa scáthán. Idir náire agus faitíos uirthi. Tafann na madraí agus í ag teacht anuas an staighre.
Ceol ar an raidió. Seasann sí sa halla. Is léir gur chuala sé a coiscéimeanna ach ní chasann sé timpeall ón doirteal. An citeal ina lámh chlé aige. “ Beidh cupán caife agat a Neasa”. Níor cheist a bhí ann ach ráiteas. Leis sin iompaíonn sé thart gan rian den náire air. Scléip
nó dánacht ina shúile. “ Anois, ní féidir leat imeacht gan bhricfeasta, bágún, ispíní, uibheacha agus mo thrátaí féin”. Mar phuipéad suíonn sí chun boird. Ina tost gan focal asti.
Déanann sí beart de réir a bhriathair. I ndán fhios dí féin tá ocras millteanach uirthi. Slogann sí siar an sú oráiste agus mar an gcéanna leis an gcaife atá láidir , dubh agus searbh. Tosaíonn sé ag plé scéalta nuachta an lae , ag caint faoin Meán Oirthear ach níl Neasa ag éisteacht leis.
Éiríonn sí den bhord ag síniú a méire i dtreo an bhreithimh. “Is bréagadóir thú, níl fhios ag
Lucy go bhfuil mé anseo. Níor chuir sí cóisir ar ceal. Mheall tú mé anseo d’aon ghnó”. Bhí sí ag croitheadh le teann feirge. Ach níor chuir a cuid cainte isteach nó amach air.
Rinne sé coigilt ar an bpíosa tósta ina bhéal agus nuair a bhí sé réidh d’fhéach sé uirthi.
“ Agus ní bheidh fhios ag Lucy. Beidh an ócáid seo ina rún eadrainn féin. Bíodh cupán eile
agat sula dtagann an tacsaí duit”.
Dhá mhí tar éis na heachtra , bhí cloch meáchain caillte aici. Ní raibh sí in ann díriú ar a
cuid oibre. Dhiúltaigh sí buaileadh lena cairde agus cuairt abhaile chuig an bhfeirm ní
dhearna sí. Chuile oíche díreach ag a trí bheadh sí ina dúiseacht. Bhí sí i bponc. Rún
daingean leis an mbreitheamh. Ach ní fhéadfadh sí Lucy a sheachaint a thuilleadh sa
leabharlann dlí. Sos. Sos gairme a thógfadh sí. Ní ligfeadh sí don bhreitheamh í a chrá a
thuilleadh. Ciall ceannaithe aici. Bob glic buailte ag an mbreitheamh uirthi.
I dtreo na hIndia a d’imigh sí ar dtús. Idir radharcanna agus daoine ildaite. Ag obair le
dílleachtaí nach raibh tada acu ,tháinig sí ar ais chuici féin arís. Agus fios feasa na mná
rialta a chuaigh i bhfeidhm uirthi, “ Nuair a lorgaíonn duine saoirse aigne lasmuigh dá saol féin rachaidh sé ar strae ach má shuíonn duine go ciúin ina bhaile féin tiocfaidh an tsaoirse chun solais óna anam laistigh”. Rinne Neasa machnamh ar an saol.
Theastaigh uaithi an oíche sin a dhíbirt óna haigne. Sé mhí san India leis na páistí soineanta agus thuig sí buntáistí an oideachais a bronnadh uirthi. Sé mhí eile san Aifric ag obair le mná briste brúite tar éis ban éigniú chogaidh. A gcrógacht a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus iad in umar na haimléise. D’eirigh léi céim ar chéim an ruaig a chur ar an diabhal ina hintinn féin.
Mhúnlaigh eispéireas na hAfraice í. Theastaigh uaithi an lámh in uachtar a fháil ar a scéal
féin. Dhá bhliain ag obair le dlíodóirí den scoth i Londain. Spéis faoi leith aici anois i gcearta agus i gcosaint na mban ar bhonn idirnáisiúnta. Muinín nua pearsanta ina seilbh aici. Réidh le filleadh abhaile.
Sluaite ar an Luas. Lucht an dlí le haithint go héasca, iad gléasta ó bhun go barr i ndubh.
Deifir ar abhcóide Neasa Ní Mhaonaigh. Ag brostú chun na hoibre i gcúirt a cúig . Cás faoi
bhan éigniú. Isteach sa chúirt leis an mbreitheamh Ó Ruairc. Seasann a bhfuil ann. Suíonn a bhfuil ann. “Ciontach nó neamhchiontach?” a deir sé le húdarás.
Ana scéal, scríofa go healaíonta. Bhaineas an-taitneamh as!