Is taighdeoir PhD í Laoighseach Ní Choistealbha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is file í freisin a chuir peann ar phár i gceart sa bhliain 2013. Rugadh agus tógadh í in oirthear Dhún na nGall ach cónaí uirthi i nGaillimh ó 2012. Tá sí ag obair ar an chéad chnuasach filíochta i láthair na huaire agus súil aici é a fhoilsiú go luath.
Scríofa agus mé glasáilte amuigh ó Ionad an Léinn Éireannaigh 13ú Nollaig 2022
do John Brady
Barr úll
ón chrann seo
bruite faoi chois
na scoláirí:
boladh trom
milis
ag éirí
in aer tanaí
na Nollag,
achan lon dubh
idir an áit seo
agus Maigh Cuillinn
ar fhéasta geimhridh,
ag alpadh siar
ag cac go fras:
sneachta úr
ar an chosán léannta.
Peaca an Uabhair
An é go n-aithním
scáthanna díom féin
i ndúch an dáin sin?
An é go bhfeicim mo lorg
ar bhrat sneachta
an leathanaigh?
Fiú más uabhar gan náire é,
nach álainn é
sméaróid mo chroí
a thumadh seal
i bhfíoruisce do dháin?
Drabhlás
Ag deireadh an lae
agus cloch m’intinne
trom i mo bhaclainn:
deoch!
Chun an t-ualach sin
a chur ar snámh
i loch alcóil:
deoch!
Cén cladach
smaointeoireachta
atá romham?
deoch!
Cén mise eile
a osclaíonn doras m’aghaidhe
agus a shiúlann amach?
deoch!
Meilt
An gcuimhin leat é?
In aice leis an tseanmhuileann
nár mheil le blianta,
lenár lámha ar mhiotal fuar
an gheata
taobh le páirc na heorna,
phóg mé thú
den chéad uair
agus den uair dheireanach.
Shín laethanta an tsamhraidh sin
amach thar fhíor na spéire
agus
d’imigh siad tharainn
ar nós na gcarranna
thart ar an chúinne caoch.
Nuair a tháinig an oíche
in aibíocht faoi dheireadh
bhreathnaigh muid
thar bhabhla an ghleanna
agus chonaic muid thíos
mionsamhlacha na mbailte
agus na soilsí á lasadh iontu:
Calhame, Droim na hÁite,
Leifear,
Baile an Droichid,
Caisleán na Finne –
An gcuimhin leatsa é?
Muid ag siúl na bóithre
gan línte,
fómhar na heorna,
an t-inneall bainte,
i bhfad uainn
agus an saol ar fad romhainn le meilt.
Cóisir na Nollag 2010
In ainneoin na haimsire, níor cuireadh an chóisir Nollag ar ceal –
foireann an tsiopa ar fad i gcúl an mhionbhus
cótaí, miotóga, buataisí á gcaitheamh thar na gúnaí cóisire,
ag tiomáint go cáiréiseach ó Leifear, frí Leitir Ceannainn,
i dtreo an Silver Tassie Hotel.
Bhí tú linn an oíche sin.
Chaith muid an bhéile. D’éalaigh mise agus tusa amach,
agus bhí inár suí le chéile i bhforhalla an óstáin
ar feadh na hoíche,
ceol na cóisire plúchta ag na doirse.
D’inis tú dom na scéalta ó shaol na hollscoile
a bhí chomh eachtrannach dom faoin tráth sin
le saol thar an gcoigríoch,
chomh drámátúil le scéal ón Rúraíocht…
Bhí sé chomh fuar an oíche sin go raibh
ár lámha á dtéamh againn os cionn coinnle
a leagadh ar an tábla eadrainn.
Achan uair a bhrúigh lucht na cóisire
fríd doirse an óstáin
thug an fuacht boiseog dúinn beirt,
agus bhog muid níos gaire dá chéile.
Chuir mé mo cheann ar do ghualainn,
ceapaim. Lig mé orm go raibh tuirse orm.
Nó an ndúirt mé go raibh mé fuar?
Smaoiním siar. Is cuma. Lig dom
codladh i do bhaclainn ar an turas dorcha abhaile,
ar bhóithre sioctha oirthear Dhún na nGall.