Seán Ó Coistealbha – Four Poems in Irish Language

As an Spidéal, Co. na Gaillimhe Seán Ó Coistealbha. Chaith sé chúig bhliana thar lear sa tSealainn Nua, san Astráil agus Meiriceá i dtús na noctóidí. Tá sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Muintearas. Tá dhá leabhar filíocht, Dídean agus Stadhan, foilsithe aige. Tá sé pósta le Lisa Olsthoorn, agus cúigear clainne acu Zara, Johannas, Maela, Dualta agus Fiach.


Rotharfhámairí Bóthair

Chualas an rothaí cathrach,
agus a chomrádaí,
maidin Domhnaigh an cheo,
i gCois Fharraige, a bhí chomh ciúin,
go gcloisfeá luch ar Oileán Árainn
ag snaífairt nó ag bromanaí.
Bhí an dís ag sioscadh leo
’s iad go géar ag díriú
arais arís ar ‘suburbia’.
Ag filleadh ón bhfiantas,
chuig a gcuid caisleáin só,
go péacach, ildaite feistithe
le luas ar Bhóthar an Rí.
Bhí siad ar rothair siúil
a chosain cuid mhaith spré
“And do you know what” arsa sé,
sé sin an ceann feadhán,
lena pháirtí troitheánach,
sách bíogtha teann,
é ag cur na ceiste,
agus mé sa ngarraí ó thuaidh,
mar a bhíonn gnáth thuataí
an tráth seo lae ann
ní ag cúl éisteacht nó é,
ach ag caitheamh gráinne mine
ag na cearca ciocracha
de réir mar a rinne
mo mhuintir uile romham
“He wears jeans in Summer”
arsa sé go hard sa gcalm
‘s tá mé fós a shoin
ag torraíocht meabhair nó brí
a bhaint as caint
nár chleacht muid ariamh
anseo cois cladaí
nó go cinnte ar an sliabh
mar go bhfuil muide
“Forever in blue jeans.”


Eadaíl

Ag síor seilg an ambergris
sea bhím seasta a chomrádaí
faoi ’chuile chreag ’s cloch mara
minic mall ’s moch a chara,
ar fud fad cladaí.
Chun na farraige síos
sea bhrostaím le bís
chuig an uile taoile tuille
’s théis an achan taoile trá
sa tóir ar an eadaíl
a chuireann rí Mananann
dá ghiollaí talúna ar fáil,
ar dhumhach nó duirling bhán
sa snáthmara nó ar an truscair trá
chomh flúirseach, fial ’s fairsing
gach aon ’s uile lá.
Ach an tseod is ansa liom,
a thagann fós i dtír,
nó glór na dtonnta arda
faoi stiúr na gaoithe aniar –
balsam ’s cogascheol
don intinn buartha daor.


hā pīwakawaka

(Aistriúchán Gaeilge ar dán le Vaughan Rapatahana, file Maori)

Hora a éinín,
Mo chara bheag,
Gaothlan de dhriobalín
Go gaisciuúl ort
‘s tú ag sior sioscadh
le do phort
ró-mhín.
Cén sórt scéilín
atá a’d i’d
agallamh álainn aonair?
Ní fheadar mé
mar tá tú éalaithe
uaim arís arae.
Ní chím níos mó
na súiliní lonracha
nó ní chloisim fiú
do phortscéilín fhada

Ó chuaigh tú amú.
Hora piwakawaka
cá bhuilir anois
bailithe a stór?
Airim uaim thú-
Airim uaim go mór.


Teanga

Comhairlíonn teanga duine
labhraíonn leis go ciúin
abraíonn leis bheith dána
nuair a dhaortar é bheith ciúin.
Cothaíonn teanga rannta,
seanfhocla, filíocht ’s foinn
’s nuair bhíonn a n-amhráin canta
sea rachas muid chun cinn.
Ceanglaíonn teanga cine
lena sean sinsear a bhí
coiglíonn sé an tine
a chuireann misneach sa gcroí.
Múineann teanga saíocht dúinn
gan gléas nó idirlín
réitíonn sé an ród atá romhainn
go stuama, socair, binn.
Sí mo chomhairle anois a chara
’s tú á tréigint ar ball
béid d’uireasa aingeal chuideachta
’s tú ag imeacht i do dhall.

 

 

This entry was posted in News, Poetry. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.