Maire Holmes – Two Poems in Irish

Maire Holmes took part recently in WE ARE THE POETS celebrating the work of younger poets. For thirty years or more she has facilitated writing groups nationally, particularly in Galway, Connemara and on THE Islands. She has an MA in writing and was recently reappointed Kerry Writer in Residence 2020.


NOTRE DAME

Lasracha móra ag ardú mar chór ag cleachtadh,
Lasracha ag dul go dion foirgneamh cailiúl.
Scaip an scéala chomh scioptha le gaoth na h-aoise
Chomh dearg le peint a bhíonn ag na héalaíontóirí cois Eaglaise.

Laitreach tháinig tacaíocht ó na rialtais eagsúla 
Iad ag tabhairt cinneadh go mbeadh siad sásta 
Gach tacaíocht a thabhairt de bharr an úafáis
S’gan gan aon chaint ar áiteanna go bhfuil bás san áireamh.

Las na lasracha ionam 
Scréach siad don té atá ag fulaingt i Syria agus Zimbabwe 
Iad gan díon ná deontais nó dóchas, gan ársa gan chabhair
Tuigeann siadsan nach maireann aon rud ach seal.


TOST

D’fhan mé  leat ach níor tháinig tú chugam
Chonaic mé thú i measc na coillte,
 in eireaball mada ag luascadh
i mbláthanna ina dtost
i sliotar san aer
in uisce sa tobar
i bhfuil tobar mo chroí
I súile dúnta.

Rith tú uaim trasna na páirceanna,
Trasna na smaointe
Trasna na spéire goirme chomh geal le carr
Ar an mbóthar mór agus an tiománaí faoi dheifir
Agus gan ceann cúrsa le feiceáil.
Thuig mé ansin nach féidir scaradh le dán
Muna bhfuil sé ionat sa chéad áit.

 

 

©MAIRE HOLMES

 

 

 

This entry was posted in News, Poetry. Bookmark the permalink.