Milis is Searbh
Bun os Cionn
Léirmheas ar Leabhar Dubh an tSneachta le Micheál Ó hAodha (Southwest Ireland Academic Press, 2015)
Tá neart leabhair foilsithe cheana ag an bhfile Micheál Ó hAodha, scoláire atá ag obair in Ollscoil Luimnigh, leabhair staire agus cúrsaí litríochta san áireamh. Le Leabhar Dubh an tSneachta tugann Ó hAodha léargas i bhfad níos pearsanta ar cheisteanna móra ár linne. Seo duanaire atá lán de sheoda luachmhara a bhfuil an machnamh le sonrú orthu. Glacann an file an sneachta agus gheimhridh mar chúlbhrath chun príomh-ghnéithe ár tsaoil a phlé. An bás, an imirce, an t-uaigneas, cuimhní cinn na hóige; titeann na dánta ó leathanaigh an bhailiúcháin seo go séimh is go ciúin amhail dhuilleoga reoite nó calóga boga sneachta.
Cuireann raidhse dánta sa bhailiúchán gleoite seo an traidisiún Gaelach agus dánta an tsean-ré i gcuimhne dúinn nó mar ar chíoraigh na sean-fhilí téamaí móra a linne – an bás, an fhulaingt, lúcháir na beatha. Tá tionchar focail áille Joyce sa ghearrscéal ‘The Dead’ agus é ag meabhrú faoin Gaillimheach óg sin Michael Furey ina luí faoin bhfód le sonrú sna línte seo:
‘éirigh a chodlatáin!
amach go beo leat
mar a bhfeicfidh tú i gceart
ag titim go bog …
sneachta, sneachta álainn
ar na beo agus ar na mairbh uile
ar gach páirc is crann’
[Éirigí]
Léiríonn Ó hAodha go glé rithim na beatha nó mar a leanann na séasúir a rithim shainiúil féin bliain i ndiadh bliana – mistéir an dúlra, mistéir na cruinne. Seo slabhra na beatha, rotha móra an tsaoil ag casadh de shíor, an t-aiséirí a leanann an bás; milis is searbh. Más bás de chineál éigin an gheimhreadh, is deis athnuachana leis í. An sneachta a thiteann ach a imíonn go tapa arís – mar is dual dá nádúir:
‘an sneachta
mar chuairteoir dearmadta
dála na cuimhne
ní fhannan riamh ach seal’
[Cuimhne]
Nach taibhseach amach is amach na línte a chumann an fhile i gcuimhne a dheirfiúr Caitríona, atá ar shlí na fírinne:
‘d’fhág tú slán againn go luath
bhí sé ag cur sneachta an lá
a chuireamar do chónra bheag bhán
san ithir
is tú ár n-am áta caite
agus ár n-am atá le teacht
an t-aon ní amháin is cuimhin linn’
[Slán]
Meabhraíonn na híomhánna sin go bhfuil níos mó i gceist leis an saol seo. Tá gnéithe de spioradáltacht na scrioptúir le haithint ar an bhfhilíocht seo gan aon agó:
‘Scaipeann sé sneachta amhail olann;
croitheann sé cuisne amhail luaithreach’
*
[He showers snow like wool;
He scatters hoarfrost like ashes]
[Salm 147: 16]
Seo fíor-spioradáltacht na nGaeil mar a bhí agus is léir go bhfuil an file ag iarraidh ní hamháin an traidisiún sin a chaomhnú ach athchóiriú a dhéanamh air agus é a chur in oiriúint do shaol ár linne féin. Ba sna meánaoiseanna a chum file anaithnid na línte taibheacha seo:
‘Scél lemm dúib:
dordaid dam,
snigid gaim,
ró-fáith sam;
gáeth ard úar,
ísel grían,
gair a rith,
ruithech rían
rorúad rath,
ro-cleth cruth,
ro-gab gnáth
giugrann guth
ro-gabh úacht
etti éin
aigre ré:
é mo scél.’
*
[News I have:
bellows stag,
winter snow,
summer past;
wind high cold
low the sun
short its course,
seas run strong;
deep red bracken,
shape is awry,
wild goose raises
wonted cry;
cold lays hold
on wings of bird,
icy time;
this is heard.]
An gheimhreadh mar chosaint ag an manach gan ainm sin; an cultúr Gaelach agus an sean-traidisiún á cheilt faoi bhrat na hoíche, faoi bhrat an dúlra:
‘Is acher in gáith in-nocht,
fu-fúasna fairggae findfolt:
ní ágor réimm mora minn
dond laéchraid lain úa Lochlind.’
*
[Wild the wind tonight,
tosses the oceans hair white:
on such a night I have no fears
of fierce Norwegian warriors.]
San lá atá innu ann, tá na Lochlannaigh imithe ach bíonn an sneachta fós ann, ag chaomhnú ár mothú is rúnda:
‘an t-am is fear
le siúl cois farraige
ná nuair atá an oíche ag titim
agus an stoirm ar mire
mar a scriostar an spéir agus an talamh óna chéile
mar a nochtann an t-am a chuid rún.’
[Rún]
Tá Leabhar Dubh an tSneachta ó (Southwest Ireland Academic Press, 2015) ar fáil ar shuíomh Amazon.
Craoladh léirmheas ar an bailiúchán seo ar an clár Imeall ar TG4 in Eanair 2016.