Julie Breathnach-Banwait – Five Prose Poems

Julie Breathnach-Banwait is a bilingual writer, poet, editor, mother and psychologist. She is the author of two Irish language poetry books published by Coiscéim, Dánta Póca (2020) and Ar thóir gach ní (2022).
She is originally from Ceantar na nOileán in Connemara but has lived in Western Australia with her family for well over a decade.


Colg Hans is Mariella

Shnámh siad go faillíoch ar bhruach an chladaigh i bhfad i ndiaidh an scléip, grabhróga an ghleo. Luganna cupáin poirceallán is cluasa crúscaí le rósanna dearga deilgneacha. Imeall óir ar photaí tae, is féinics coscrach ag ardú ó lasracha thintí dhearga ar shásair. An Royal Albert a chaoin Mam go haiféalach ag croitheadh a cinn. Old Country Roses a bhí spáráilte go dtiocfadh Meiriceánaigh nó fear na bpaidrín ar cuairt nó duine éigin a thoil iad dar léi ach gan iad a chur amú ar na gasúir. Shín sí i línte ar sheilf an drisiúir iad mar dhuais.

Tháinig siad i ndubh na hoíche, méar-cheangailte le grá is drúis a cheap sí. Féasóg fada giobach ag searradh ó smig Hans, is Mariella gealgháireach giodamach, gur fhág siad leis an maidhneachan i gciúnas reoite is clabhta eascainí m’athair. Scuab Mam na smidríní, is síscéal gan insint i ngach píosa. Colg is dócha a dúirt sí, spriúch stoirmeach. Is cheangail dlaíóga feamainne thart orthu ina snaidhm mar bharróg gan fáilte, á dtachtadh, is mheall faochan na mara chun na farraigí fairsinge iad mar chomhluadar. Go dtí a mbailte nua gan cion, colg ná máthair.


Craobhscaoileadh caoch

Chaoin an phaidreachán úd – í siúd atá díograiseach dírithe ar ghabháil fhoinn faoin mbreithiúnas aithrí, ollphéisteanna dhearga trasna a t-léine ag sléacht peacaigh, is tintrí ó ifreann ag loisceadh a ceathrúna le fírinní a deir sí – go bhfeabhsaíonn an Mhaighdean Mhuire gach uile bhuairt, gur cheart muinín a chur inti, go raibh fianaise faighte aici, gur gabhdán Dé a corp, soitheach den fhírinneacht, is í ag soiscéalaíocht ar bhóithre ar bís, is Caoineadh na dTrí Muire á phleascadh aici in aird a cinn, á gcroitheadh ó shuan chun machnamh a dhéanamh ar ár bpeacaí is go dtabharfadh sí dhuit ábhar do bhrionglóidí. Sásamh d’intinn. Suaimhneas d’anam. Síoraíocht saoil. Chaoin sí go ndéanfaí réiteach ar do chuid is do chás. Thiocfadh meabhair chucu siúd gan tuiscint, chloisfeadh an chluas bhodhar is dhúiseofaí focail is glórtha dóibh siúd gan smid ná siolla, nach raibh ort ach do lámh a ardú.

D’iarr mé uirthi Mam a fheabhsú le díograis m’úrnaí i ngol coach le deora is bosa fuaite i bpaidir laethiúil.

D’imigh sí ar aon nós.


An bhrionglóid agus a mhallacht

An áit úd, deora drúchta ag sciorradh síos na bpánaí beaga leis an maidhneachan, is an tais ag snámhaíl ó bhun balla cloiche, an caonach liath á mungailt gan trócaire. An áit a bhfuil scread na bfaoileáin mar cheol, ag ciorclú na dtrálaer ag lorg putóg nó eite éisc. Drúcht ag blaoscadh is oighear lag i locháin ag scoilteadh fá mheáchan sál do bhróg mar chalóga brúite. Feamainn  bhoilgneach ina gcocaí ar bharr cladaigh, tarraingthe triomaithe chun tuile is trá. Fiántas na farraige cúrach. Díoscán maide rámh ar chnog.

An áit úd, ribe róibéis ag foghach thrí shliogán na bhfaochan i lochán tráithe. Gal ag searradh ó photaí stáin, na claibíní ag damhsa faoi bhrú a bhrí. Gríosach guail is adhmaid á phléasach i sornóg iarainne, boladh na luaithe dóite á fholamh roimh bricfeasta. Siúlóid maidine le leadóg gaoithe ar léicean, uiscí spréite do chaochadh is do bheochan. Neantóga ina suí gan suntas gan contúirt anois ag múscailt scéalta ó d’óige faoi ghol is rúitíní loiscthe. Deilgne ó chrainn spíonáin, síol froganna mar phluid ar locháin, torbáin ag scairteadh. Túiscigh id phollairí taréis sochraid i séipéal cloiche i ngleann glas, a dhíon ag cioscán is ag osnaíl le pónáil na stoirme báistí.  Tae scalltach i gcupán cruan. 

Ansin, an áit úd, mar bhrionglóid, mar mhallacht, nach bfágtar.


Beochan

Tá sé ina Gheimhreadh anois le trí bliana is í i dteannta ag lúscadh le dorchadas a leannán, i mbráca gan fuinneog, doras ná teacht as. A anáil ar chúl a muiníl, a mhéara ina ceann mar bhál bolla. A ghlór ag caiseach óna beola, ag easach, ag meadráil, úrnaí is eascainí gan aithint. Fiabhras is tinneas, scís is múisiam masmais. Suíonn sí leis. Faoi mheáchan a phluid iarrainne. Faoi chlóca  a chreideamh.

Nuair a dhéanfaidh an solas briollacadh thrí scailp idir áirsí an dorais is cláir adhmaid an úrláir, nuair a bheidh bachlainn ar ghéaga ag beochan mar a bheidís lán, líonta thar moill le fuinnimh, fanacht is fuil nua, bogfar. Is sínfeadh seisean siar mar nach n-aithníonn sé an solas úd a chaochann é.


Comhghuaillí

Chlutharaigh tú i gcúl mo chinn gur thángthas ar lorg do pheann ar chárta Nollag – an ceann deireanach úd a bhí curtha i dtaisce i bhfráma go barainneach mar sheod óir – ar chúl do phictiúir ar an teallach. Dreóilín brónach amú sa sneachta ar a chlúdach. Na coirnéil sceite tréighte. Shíothlaigh d’aghaidh lách romham gan focal. Gach cor, lúb, cas, cuar is eireaball le corr do mhéar ag cumadh scéalta fút is d’ardú ód thuama socraithe.

Ar bhord mahagaine tá puchóidi is scraitheanna vearnais ag bolgadh is calóga seargtha ag snámh i mbábhla bainne. Tae buí bog i gcupán porcealláin, craiceann ime is cnocáin suibhe sú talún ar d’arán baile agat, maidin dhubh Geimhreadh ag réiteach den scoil, dhá bharra teas curtha agat le mo rúitíní ag scríobh leithscéil dhom go bhféadfainn an rang staire úd a sheachaint. Díle ag rapadh pánaí na fuinneoige. Ní dhéanfadh eolas faoi Réabhlóid na Fraince ná Operation Barbarossa tairbhe dhomsa, mar nach súfainn é a cheap tú, is go mb’fhearr liomsa a bheith ag brionglóidí i gcúinní is ag cumadh scéalta faoi rudaí nár tharla ‘riamh.

Is suíonn paistí dod chorp i mo lámha inniu, mo chur i gcuimhne gur agat a bhí an ceart.

 

 

 

This entry was posted in News, Poetry. Bookmark the permalink.