Máire Holmes – Three poems in Irish

Maire HolmsMáire Holmes is author of JOY Selected Poems; Kenny’s Bookshop, Galway, and DÚRÚN (1988). Coiscéim, Dublin. She holds MA in writing from N.U.I.Galway, and Education Award in Psychology, Counselling and Therapy. She is Editor in Chief of The Galway Review. Máire Holmes is a bilingual poet, playwright, writer, songwriter.

 

Osna

Tuigeann croí an aistear chiúin,
Níl comhairle uaidh faoin slí,
Gan aird ar réasún agus ciall,
Ag brath ar anáil atá a thriall.

Chas croí agus anáil le chéile,
Níor scaradar, déanach ná moch.
Ní féidir le croí bualadh gan bheatha,
Is dá anáil a thug sé a ghuth.

Glacann croí le gach gné,
Sin lom chlár na fírinne,
Cé gur féidir le osna é a chrá,
í ag teacht agus ag éalú

Fiú guth, le aer úr a fháil,
Is le preabadh atá sé ag fanacht.
Ní droch rud, croi a leanacht.
Is gaol domhain é le beannacht.

 

Helicopter

In aois do seachtó cúigiú bliain
thuirling helicopter
chun thú thabhairt go
dtí na flaithis.
I do chuideachta
bhí do chlann.
Glúin agus céim eile.
ní snámh na marbh a bhí ann,
ach ceiliúradh dár n’athair.
In aois a seachtó cúigiú bliain
é in airde a réime.

In aois d’ochtó seachtú bliain
Thuirling an spiorad naomh
Chun thu thabhairt go
Dtí na flaithis.
Is snámh na marbh a bhí ann.
I do chuideachta
Bhí do chlann
Glúin agus céim eile.
Brat suaimhnís thart timpeall
Ár n-athair agus máthair
Íad go síoraí in airde a réime.

____________________________
(The second verse was written twelve years after the first verse).
 

Inís Oírr
(2005).

Leaba Caomháin
Ag séideadh ins an ngaoth,
Fliuch faoi dheora Inís Oírr,
Fearg ar oíche an chinnbhliana,
Í ag múchadh.
Deireadh greim
Dhá mhíle agus a cúig,
Le blogamacha móra báistígh
Cantáil agus fuaim.

Ruaig uaim na drochnósanna,
Ruaig uaim smaointe
A fhágann peann ar imeall,
Ní faoi uisce,
Ní faoi thalamh,
Ní faoi thuairim
Ní faoi réasún
Ní faoi chuibhne
Ní faoi dhraíocht
Ach ag seoladh i measc ciúnas atá idir bualadh croí.

Fir cróga ar an gcéibh
Ag tábhairt comhairle
Don té nach dtuigeann an aigéan.
Muid báite le chéile
i bhfoscadh claoi atá ag scoilteadh,
beagán ar bheaga
Le brú uisce agus ama,
Ní thuigeann cloch am
Ná am, aon rud ach imeacht.

(ii)

Ní gan misneach atá na daoine,
Páistí ina measc ag lorg treoir.
Ní gan cuimhne atá muintir an Oileáin
A thuigeann contúirt glór gan focal,
Uisce ag caint idir tonnta agus deor
Ag sileadh léi ag dul thar stró,
Ceangal na dtonnta
Scaoilte le fána
Talamh agus spéir go léim maraon,
Teanga a thuigeann súile gan éisteacht
Tá an pictiúr mar atá os ár gcomhair.

Tá salann i chuile dheoir a thiteann,
Níl cumhacht sa mbáisteach
Ach tá tárraingt ag tonnta
Fíochmhar agus mór,
Béal an domhain ag lorg beatha,
Is iomaí iascaire a d’fhreagair an glór.
Ceol na gaoithe
Ag damhsa léi,
Inníu tá fuinneamh sa nglór snasta
A d’fhág an taoide ard
Ag ceithre a chlog.

Amach ar aghaidh
Tá an bád ag luascadh,
Níl cosa aice le snámh nó siúl,
Siad na fir áitiúla arís atá cróga
Iad ag stiúradh
Bád gan ceangal
Isteach sa gcuan.
Ní iontas nach bhfuil bád ag seoladh
É ag iarraidh breathnú ar éalú bliain!

(iii)

Tá leaba Chaomháin faoi uisce spéire
Is thar sáile atá an bád,
Fir, mná agus uile
Ar oileán bheag Árainn.
Bliain eile ag sciorradh uainn agus romhainn
Guth lag-láidir lá agus oíche
Slabhra nó saoirse, níl rogha roinnte,
Tá mo chása fanntá, fonn scríobh ar mo pheann,
Faoi eangach, clocha nó coiscéim ar trá.

 

 
Aside | This entry was posted in News. Bookmark the permalink.