Paddy Mhéime Ó Súilleabháin – Céad Bliain Slánaithe

paddyPaddy Mhéime Ó Súilleabháin is from Loch Con Aortha, Conamara. He lives there with his wife Úna. He has been writing predominantly in the Irish language for some years now, both short stories and poetry. He has come first in a number of competitions for poetry; Oireachtas na Gaeilge Cheanada, féile Thír na nÓg, as well as a competition run by Raidió na Gaeltachta. Paddy has work published in Irish language magazines; Comhar, Feasta, Pléaráca and Iorras Aithneach, as well as the Galway Advertiser.

_____________________

Céad Bliain Slánaithe
1916-2016

Nárbh é an mian tríd na déaga glúin
Dul chun cogadh i gcomhair saoirse,
Ag fíor Ghaelaigh a bheadh sáraigh
Ar theipeadh gach éileamh, síochánta.

Bhí dainséar na cónascthe i gcónaí
Le meatha an chultúir Ghaelach.
An teanga dhúiche dhá thréigint
Gan saoirse tríd athbheochan na Gaeilge.

Ar an gcéad chuairt go Ros Muc dó
Thuig an Piarsach céard an éileamh.
’Mothú fréamhacha ag feitheamh
Na haiséirigh, a bheadh i dteideal cibé.

Bheadh brionglóid ag teacht i mbláth
Ar chloisteáil teanga bhinn ár dtréithe,
’S an chultúr tríd an bhéaloideas, thiar.
Tabhairt dóchas. Spreagadh pinn ar phár.

Bhí íobairt buartha beatha sa reicneáil
Faraor, dóibh siúd a rinne an chinneadh.
Sin mar bhí, nach bhfuil an stair scríofa,
Le Gaeil mar fhinnéithe ag gach focal.

Tá céad bliain slánaithe de bhuíochas
Duarcáin, ag teanga seo ár sinsir.
Nithe cruthaithe sna crathacha, mairthe,
Agus fós atá ag síolrú is ag leathnú

Thar sáile fosta. Ó na Gaeil úd i gcéin,
Nárbh iad a sheas in am an ghátair
’S tá go fóill ag treabhadh de réir a dtoil,
Chun aislingí ’thabhairt chun bláthú.

Le maidneachan bliain slánaithe an chéid
’S mé ag fánaíocht gan aird liom féin,
Nuair ’scal léas ó m’aigne thiar, “Mise Éire;
Sine mé ná an Chailleach Bhéara.”

 

 

Image | This entry was posted in News, Poetry. Bookmark the permalink.