Seosamh Ó Riain – An Binse

Seosamh Ó Riain is from Kerry. Seosamh has spent many years working internationally in Software Engineering.  He has also worked in the Irish language sphere, including freelance/full-time journalism and has been published in Foinse, Feasta, Comhar , An tUltach, Gaelscéal, Politico.com and the Galway Independent.He holds a BSc degree in Computer Systems from UL and a post-graduate degree in Irish translation from NUIM.

_____________________________

An Binse

Scríofa ag Seosamh Ó Riain

D’ainneoin na drochaimsire theastaigh uaidh suí ar an mbinse. Fiú ar feadh cúpla nóiméad. Is baolach nach mbacfadh sé leis an tsiúlóid murach an binse siúd. B’shin an t-aon áit amháin a raibh sé ábalta teacht ar shuaimhneas intinne ar na saolta seo; agus thar aon rud eile theastaigh suaimhneas ó Pháraic de Staic.
Ar nós na bplúiríní sneachta a d’fhág pluid phictiúrtha bháin ar gach a raibh thar thalamh, d’fhág síleadh na ndeor cosán uaignis is bróin idir teach Pháraic agus an binse páirce seo, an lá sin agus tuilleadh leis, faraor géar.
Níor thúisce é ina shuí ann ná gur thugadh sé bóithrín na smaointe air féin. Bóithrín a chuireadh idir gháire is ghol ar aghaidh agus croí aige.
Fuaim thobann – glórtha corraithe de dhaoine ag dul thairis, páistí i mbun súgartha, tafann madra – a dhúisíodh Páraic bocht níos mó ná a mhalairt óna thámhnéal domhain. Ní ar an lá áirithe seo, áfach, mar bhí lámha fada an uaignis greamaithe timpeall air go docht.
Ar an gcéad dul síos níor tuigeadh dó gur uaigneas ná gaol leis a bhí ann. Conas a thuigfeadh i gcraiceann ní b’óige agus ní ba shaonta. B’shin na blianta fada ó shin, tráth ar seoladh thar sáile chuig an mBruiséil é chun luí isteach san obair a bhí faoina chúram sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Nach airsean a bhí an t-ádh dearg. Post faighte aige aimsir an ghátair ‘s ghanntanais a thabharfadh deis dó éalú ón seansaol agus taisteal timpeall an domhain.
Ar dtús, thug Páraic faoina shaol nua le teann díograise agus dúthrachta. Ba léir don dall an éirim oibre is sóisialta a bhí de dhlúth agus d’inneach ann.
Bhí sé fiáin chun foghlama agus chun cur lena thuiscint féin ar rothaí móra an tsaoil. Chuir blaiseadh na móna a bhí fós ar a chaint daoine ar a socracht lena dhaonnacht agus phearsantacht mhealltach.
Is iad na mná ach go háirithe a thug seo faoi deara. Ní hé go raibh Páraic thar a bheith saonta ar ais ar an seanfhód ó thaobh cúrsaí gnéis de. Ní aingeal ná ábhar sagairt a bhí ann riamh, ná baol air. Fear ard scafánta taghdach ba ea é a tharraing aird corrchailín sa pharóiste, agus ach an oiread leis an gcuid is mó d’fhir óga a linne, léimeadh sé isteach sa leaba leo anonn is anall ach an deis annamh a bheith ann.
Scéal eile ar fad é thall sa Bhruiséil. Bhí deiseanna chun siúl amach le mná áille – fiú leosan a bhí pósta – ag teacht go tiubh agus go tréan ar a chéile agus ghlac Páraic leo uile gan stró. M’anam ach gur blaiseadh beag de na flaithis a bhí ann, dar leis.
Lean seo uilig ar aghaidh iontach breá go bhfuair Páraic an scéala go raibh sé le haistriú chuig Páras láithreach bonn. Níor mhór dó saol an mhadra bháin sa Bhruiséil a chur de agus tabhairt faoi dhúshlán nua. Cuid den phost ba ea é; is maith a bhí a fhios aige nach raibh aon dul as agus chaithfí glacadh leis gan cheist gan choinníoll.
Ba chuma leis dáiríre toisc nach raibh tuilleamaí aige le duine ar bith, agus is cinnte nach féidir fuinneamh na hóige a phlúchadh chomh héasca sin.
Is amhlaidh mar a chuaigh cúrsaí ar aghaidh le Páraic ar feadh na mblianta. É ag obair go teann, ag baint súip as an saol ach á bhogadh ó thor go tom gach cúpla bliain nó mar sin. Dheamhan a fhios aige cén chathair a mbeadh sé ag tabhairt a bheatha i dtír fiú bliain níos faide anonn an bóthar.
Níor thúisce cairdeas déanta aige le duine ná b’éigean dó greim a bhreith ar an mála taistil agus an bóthar idirnáisiúnta a bhualadh uair amháin eile.
De réir mar a shleamhnaigh na blianta thart agus mar a chuaigh imir liath i dtreise ar a chuid gruaige, b’amhlaidh ba mhó a bhí anáil fhuar an uaignis ag siúl leis. Bhrúigh sé go fealltach níos doimhne isteach ar a chnámha agus a chroí de réir a chéile, bliain i ndiaidh bliana. Agus dála víris, más ann dó ar chor ar bith, tá sé thar a bheith deacair é a chur díot. Agus mura gcuirtear go tapa, is ann don chontúirt go bhfásfaidh sé agus nach scuabfar chun siúil choíche é.
Cé nach raibh ach bliain agus trí scór curtha isteach ag Páraic de Staic, is fada go raibh l’esprit de la vie ag tréigean a chroí agus a anama. An áit a raibh glioscarnach, solas agus suáilceas ar a chuid súile tráth, ní raibh a thuilleadh ach dorchadas agus duáilceas le sonrú.
Is mar sin a lean rudaí ar aghaidh ar feadh i bhfad gur cuireadh cor gan choinne sa chinniúint, pé acu olc nó maith é.
Tháinig post aníos san oifig in Éirinn agus tugadh an chéad rogha do Pháraic mar gheall air. Bhí sé idir dhá chomhairle faoi. Bhí roinnt mhaith dá chuid gaolta agus cairde i gcré na cille cheana agus dornán maith eile acu sna ceithre hairde. Mar sin féin, ní raibh gaol ná dáimh aige leis an tír ina raibh sé….
Is gearr ina dhiaidh go raibh gaotha fiáine fliucha an Atlantaigh Thuaidh ag croitheadh tríd a chuid gruaige agus boladh na dtinte móna ina pholláirí. Dheamhan eile a d’aithin sé ná a thaitin leis dáiríre gur casadh bean ón bhFrainc air.
Lorraine an t-ainm a bhí uirthi. Lorraine Sayer. Ainm nach ndéanfadh sé dearmad air choíche. Bhí sí ag obair le hAmbasáid na Fraince i mBaile Átha Cliath ó thús na bliana sin, agus b’ann a bhí Páraic mar chuid dá obair don oíche mhalartaithe cultúrtha. Bhí Fraincis ar a thoil aige, ach ní raibh suim dá laghad aige a bheith i measc mhaithe agus mhóruaisle an tsaoil ag ócáidí dá leithéid.
D’athraigh sin ar iompú boise a luaithe is a cuireadh in aithne do Mademoiselle Sayer é. Bean álainn shnúúil shuimiúil í arbh as ceantar Dordogne in iardheisceart na Fraince di. Labhair sí go paiseanta deisbhéalach le Páraic ar iliomad ábhar. Bhí sé tógtha ar an toirt léi, ach níor thúisce an comhrá faoi lán seoil ná í imithe chuig an gcéad aoi eile. Bhain a áilleacht agus a joie de vivre an chaint de; ba dhoiligh dó gan lán a súl a bhaint aisti ar feadh na hoíche.
Níor shíl sé go leagfadh sé súil uirthi aríst tar éis na hoíche sin, ach is iomaí cor sa saol. Cúpla mí ina dhiaidh tharla Páraic bheith ag bóithreoireacht timpeall a bhaile féin. An Satharn thart ar dheireadh an Earraigh a bhí ann, gealgháire na gréine le sonrú faoi dheireadh tar éis dorchadas dearóil an Gheimhridh. Ghabh sé thar bhinse sa pháirc, a intinn gafa le gealltanais an tsamhraidh.
Stop sé go tobann, d’iompaigh agus shiúil ar ais chuig an mbinse.
‘A Lorraine, beatha agus sláinte!” arsa Pádraic.
Bhí an Francach i mbun léimh, agus baineadh geit de shaghas aisti. ‘Aaah, mmm, Bonjour…’ arsa Lorraine go stadach.
‘Is mise, Páraic de Staic. An cuimhin leat gur casadh ar a chéile muid san Ambasáid píosa siar?” arsa seisean.
‘Ó! Déanaim, déanaim anois, cinnte, haigh a Pháraic, deas bualadh leat arís!’, arsa Lorraine.
‘A Dhia na glóire, nach comhtharlú iontach deas é seo!’ arsa Pádraic.
‘Céard a thug ort ar chor ar bith teacht chuig an mbaile s’againne – caithfidh go ndeachaigh tú ar strae nó rud éigin?’ arsa seisean go magúil agus meangadh mór áthais ar a aghaidh.
‘Ní dheachaigh ar bith, is ar thuras lae atáim, ag cur aithne ar thír álainn na hÉireann, píosa i ndiaidh píosa. An bhfuil cónaí ort anseo?’ arsa sise.
Lean an comhrá mar sin, beirt strainséirí ar an mbinse ag malartú scéalta, ag cur ceisteanna faoi shaol a chéile agus á bhfreagairt go díbhirceach díograiseach.
Níor thugadar faoi deara lámha ’n chloig ag bogadh ar aghaidh níos gasta ná riamh gur thosaigh an ghrian ag dul faoi. Amhail is a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, léim Lorraine aníos den bhinse, agus dúirt go gcaithfeadh sí tabhairt faoin mbóthar ar ais go dtí an phríomhchathair.
Thionlaic Páraic í ar ais chuig a carr. Bhí sí díreach ar tí suí isteach agus tiomáint léi, nuair a d’fhiafraigh sé rud di a bhí ag dul timpeall a chinn ó d’fhágadar an binse. Is ar éigean nár thit an lug ar an lag aige ag an móimint deiridh.
‘A Lorraine, mmm, arbh fhéidir liom bualadh leat aríst am éigin amach anseo?’
Ba le teann dóchais seachas dréim a chuir sé an cheist.
Bhreathnaigh sí go géar air gan tada a rá ar feadh cúpla soicind fada. Bhí croí Pháraic ag preabadh le teannas…
Ansin, tháinig aoibh an gháire uirthi agus dúirt, ‘Bheadh sé sin go deas a Pháraic, cinnte.’
Mhothaigh sé drithlíní áthais ag gabháil ó bhun a chos go mullach a chinn.
Bhuaileadar le chéile i mBaile Átha Cliath ar an Satharn dár gcionn agus chuile sheachtain ina dhiaidh sin, níos minice ná a chéile de réir mar a bhí na laethanta ag dul chun síne agus an ghrian níos airde sa spéir.
Tháinig na síolta draíochtacha grá, a cuireadh ar an lá Earraigh sin ag an mbinse, faoi lánbhláth roimh dheireadh an tsamhraidh dhodhearmadta sin. Bhíodar splanctha i ndiaidh a chéile agus faoi thús an Fhómhair is beag lá nach bhfacadar a chéile.
Níor thaithigh Páraic mothúcháin ghrá d’éinne mar seo riamh agus tháinig a gcumhacht as cuimse aniar aduaidh air. Thagadh deora áthais lena shúile toisc a bheith i bhfochair Lorraine agus de bharr go raibh laethanta feacadh na nglún roimh an uaigneas caite.
Bhí sí foirfe dó, bean thuisceanach dhílis mhórchroíoch éirimiúil a d’fhulaing a cuid féin. Is ina dhá leath a bhí saol Pháraic scoilte anois – an chuid a bhí ann roimh Lorraine agus gach ar tharla ó shin.
Díreach mar an gcéanna a bhí sé do Lorraine. Fuair sí seoid i bPáraic seachas blianta fada de dhríodair agus liúdramáin a chaith go dona léi, go háirithe nuair a tháinig an crú ar an tairne. Is minic a theip an misneach uirthi thar na blianta siúl amach an doras orthu agus tabhairt faoi shaol úr. Sin go díreach, ámh, a rinne sí agus dhá bhliain le cois an leathchéid slánaithe aici. Tháinig anall go hÉirinn ag tús na bliana d’fhonn tosú as an nua. B’fhiú go mór an tairbhe an trioblóid, ach b’oth léi nach raibh léim an dorais aici i bhfad níos luaithe.
D’oibrigh Páraic sa phríomhchathair cúig lá sa tseachtain, agus ag an deireadh seachtaine rinneadar sealaíocht ar an taisteal idir an chathair agus an baile ina raibh sé ag cur faoi.
Ba chuma soineann ann nó doineann, Samhradh nó Geimhreadh, thagaidís ar ais chuig an mbinse sa pháirc chomh minic agus ab fhéidir. Binse beag adhmaid dídhaite faoi chrann mór darach a bhí ann, leath-thréigthe le fada ag lucht an bhaile.
Níorbh aon bhinse thar an gcoitiantacht é, ach fós féin é ina fhoinse nirt agus mhisnigh i súile Pháraic agus Lorraine. Áit ar leith nach raibh le déanamh ach suí isteach air d’fhonn coinneal an dóchais agus ghrá a athnuachan agus a athlasadh. Thug sé le chéile ag am an ghátair iad agus threoraigh an bheirt ó bhóthar an uaignis go bealach an tsonais. D’fhanaidís ann ar feadh i bhfad ag caint, ag clabaireacht agus ag gáire go raibh sé in am filleadh ar an teach.
Tháinig agus d’imigh na séasúir, agus is i dtreise agus i ndoimhneacht a chuaigh an gean agus grá acu dá chéile. D’fhill spiorad na heachtraíochta sa bheirt acu, iad ag gríosú a chéile chun triail a bhaint as rudaí úrnua. Chaitheadar seachtainí iontacha i mbun tumadóireachta scúba sa Bhrasaíl, ag sciáil sna hAlpa , agus ar safari i mBotsuáin na hAfraice.
Bhí cúpla cloch caillte ag Páraic le cúpla bliain anuas agus cuma na maitheasa agus sástachta air. Bhí tuilleadh agus cúpla cloch caillte ag Lorraine ach tuirse an naíonáin nuabheirthe uirthi go mion minic. Ba chuma mar gheall nach mbeireann an grá bua ar chuile rud?
A thúisce is a bhíodar ar ais aríst in Éirinn thugaidís riamh cuairt ar an bpáirc agus chuiridís an t-ancaire faoin mbinse.
‘Trí mhí,’ a dúirt Lorraine gan choinne lá amháin.
‘Céard a dúirt tú a stór?’ arsa Páraic.
“Dar leis na dochtúirí sin a bhfuil fágtha agam a Pháraic. Thart ar thrí mhí. Tá ailse orm, ailse scamhóg…,’ arsa Lorraine agus a gol ag briseadh uirthi.
‘A Dhia ár sábháil a Lorraine! Céard atá a rá agat a stór?’
Bhain a ndúirt Lorraine preab mhór mhillteach as Páraic. Tháinig an scéal aniar aduaidh air mar a bheadh splanc ann. Ní raibh tuairim faoin spéir aige go raibh fadhbanna sláinte aici, gan trácht ar ailse.
In ainneoin gur sheas sé gualainn le gualainn le grá a chroí sa troid fhíochmhar in aghaidh ailse, is beag ba chuimhin leis de nuair a bhí an cath caillte. Lig sé é féin le brón agus briseadh croí.
‘Sé sin seachas rud amháin a dúirt Lorraine ar leaba a báis. Bhí Páraic ag caoineadh gurbh iníon agus mac an mhí-áidh iad beirt, agus gur lean scáthanna orthu riamh anall tríd a saol gan trua gan trócaire. D’ainneoin go raibh Lorraine i gcróilí an bháis, tháinig miongháire álainn ar a bheola, leag sí lámh air, agus dúirt i gcogar, ‘Níor lean i dtólamh a Pháraic. Nár thug an binse le chéile muid ar feadh trí bliana dochreidte dodhearmadta.’ Ní fada ina dhiaidh go raibh sí ar shlí na fírinne.
Fear croíbhriste caillte ba ea é Páraic ina diaidh. Tar éis a créamtha, scaip sé luaithreach Lorraine timpeall an bhinse, díreach de réir a cuid mianta féin.
D’fhill sé ar an obair i mBaile Átha Cliath. Ba mhaith dó a intinn a dhíriú ar ábhar eile tar éis thragóid na míonna beaga anuas. Ní maith, áfach, a d’éirigh leis.
Shiúladh sé go rialta chuig an mbinse. Bhí sé an-ait go deo bheith ann gan Lorraine ina theannta. A laghad is a bhí sé, thug sé neart agus misneach dó bheith ina shuí air. Samhlaíodh dó gurbh ann dá spiorad fós.
Lá amháin tháinig Páraic ar oibrithe ón gComhairle Ceantair Uirbigh agus iad ag baint an bhinse anuas. “Cén fáth sa diabhail atá sin á dhéanamh agaibh?” arsa Páraic leo agus tocht ina ghlór.
“Toisc go raibh iomarca déagóirí ag fáinneáil thart faoin mbinse istoíche, iad i mbun óil, caithimh tobac, graifítí agus diabhail a fhios agam cén rud eile, agus fiú úsáideoirí drugaí ag teacht anseo le tamall anuas,” arsa duine de na hoibrithe.
“Ach, ‘bhfuil a fhios agat, beidh ceapach bláthanna ina áitse?” a lean sé air.
Bhí cnapán i scornach Pháraic agus deoir lena shúil; thiontaigh an fear bocht ar a shála, chrom a cheann agus dúirt thar a ghualainn, “Ní féidir tada a chur in áit tearmann grá – bláthanna, banphrionsaí ná eile!”, a chuid focal á slogadh suas ag an ngaoth, faraor.

Aside | This entry was posted in Fiction, News, Non-Fiction, Review. Bookmark the permalink.