Piaras Ó Droighneáin – Leis fhéin

???????????????????????????????Is as ceantar Chois Fharraige do Phiaras.
D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sé céimeanna BA agus MA amach. Is breá leis a bheith ag scríobh ina theanga dhúchais.

__________________________________

Leis fhéin

Bhí sé leis fhéin
A éadan folamh,
Mar leac fhuar
Nárbh fhéidir a léamh,
Níor thit an solas air
Ach chuaigh sí thríd,
Ní raibh an scáile fhéin aige
Thréig sí an corp
Agus chuaigh léi
I mbaclainn na hoíche.

Ní raibh beo ach a dhá shúil,
Súile boga, suile fia
Ag líonadh agus ag at
Le teann faitís, le scéin,
Caoineadh na gcúití ag teacht chuige
Ar an ngaoth shílfeá,
Macallaí ag ardú i sléibhte uaigneacha
A intinn.

Tháinig casadh tobann ar an aghaidh gheal,
Preab ghéar éigin
Ag cur pian air,
An saol ag éalú as go deo
Nach mbeidh fágtha ach
Sióg ocrach,
Gan feiceáil air ach an oiread
Le puth gaoithe.

Tabharfaidh sé an baile air fhéin go luath,
Aistear brónach i gcomhluadar
Glórtha beaga ag tarraingt as,
Ag magadh faoi,
Leamhain bhána ag tógáil cruth ar an mbóthar
Ag teacht as an dorchadas
Mar thaibhsí cheapfá,
Ag síneadh méaracha chuige,
Na crainnte ag croitheadh a gcuid cloigne troma le trua,
Gealach lag ag ligeann a cuid sála buí
Síos le sáile,
Bó á scríobadh féin le claí,
Leanann an oíche ar aghaidh
Leanann an saol ar aghaidh.

 Piaras Ó Droighneáin

 

Aside | This entry was posted in Poetry. Bookmark the permalink.