Is file, múinteoir, agus athair é Tomás Ó Coileáin, a chónaíonn i gCathair Luimnigh. Tá dhá chnuasach filíochta aige go dtí seo le Revival Press, Inside Out (2020), agus an cnuasach dátheangach, Ar An Leoithne/On the Breeze (2024). Foilsíodh dánta i mBéarla & i nGaeilge aige in Scothsmaointe Gan Smál, The Stony Thursday Book, The Ogham Stone, Comhar, Irisleabhar Mhá Nuad, An Gael, Stripes, Drawn To The Light Press, agus Stanzas. Eisean eagarthóir filíochta Revival Press ó Lughnasa 2023, agus léigh sé ar stáitse REIC in Aibreán 2024 mar chuid den Cork World Book Festival.


Tommy Collins is a poet, teacher and father from Limerick City. He has published two poetry collections with Revival Press, Inside Out (2020) and the bilingual collection, Ar An Leoithne/On the Breeze (2024). Poems in Irish and Enlgish have featured in Scothsmaointe Gan Smál, The Stony Thursday Book, The Ogham Stone, Comhar, Irisleabhar Mhá Nuad, An Gael, Stripes, Drawn To The Light Press, and Stanzas. He has been poetry editor with Revival Press since August 2023, and performed at REIC in April 2024 as part of Cork World Book Festival.


Coinsias Glan

Rinneamar magadh is gháireamar
chomh ciúin is ab fhéidir linn
inár suí i ró deiridh an tséipéil
tar éis, b’fhéidir, deich nóiméad
d’Aifreann tráthnóna dé Sathairn,
is dúramar i gcogar go mbeadh
deireadh seachtaine fada de dhíth
dá mbeimís ag dul chun na faoistine,

is ar theacht an Domhnaigh
dhreapamar go harda neamhaí
is d’éisteamar le scréach
scaoth na bhfaoileán
is iad ag faoileoireacht
thar aillte an Deiscirt,
is faoi ghrian phágánach
ghrianstad an tsamhraidh
dódh ár gcraiceann
as ucht ár bpeacaí.


Dásachtach

Uair amháin bhí babhta tapaigh againn san fháinne láir
i ráth Ceilteach ar imeall rois sa Bhoireann i dtuaisceart an Chláir
agus bhí orainn muid féin a cheilt ar luas lasrach
sular tháinig triúir spaisteoirí óga timpeall a’chúinne isteach.

Uair eile, d’fhágamar an cosán agus fuaireamar réiteach beag
i lár na coille ar thuras chuig seanteach ársa i Luimneach,
agus ba bheag nár múchadh ar fad ár sult is ár bpléisiúr
nuair a d’ionsaigh saithí damanta cuileog muid arís is arís in athuair.

Imíonn na nóiméid, na laethanta is na blianta, agus uaireanta
feicimid a chéile in Tesco nó san ionad siopadóireachta,
déanaimid beannú béasach nó sméideann muid ar a chéile,
nó feictear cruth aitheanta amuigh ag rith, agus bím ar shéala

smaoineamh ar do chosa nochta amuigh faoin aer, do chuid lingerie,
ach, ár scéal ráite, ár rás rite, smaoiním anois ar ceisteanna eile théis deireadh ár ré –
an éisteann tú fós le Lana Del Rey, an bhfaca tú an séasúr is déanaí Daredevil,
an bhfuil an t-oideas agat fós dona prátaí rósta dochreidte úd a bhíodh, tráth, d’ár dtoil..?


Coillte an Éalúchaigh

Luíonn cumhrán suaimhneasach
an fhéir ghearrtha is na mbuaircíneach
thart orm, gach snáithid mhór is béchuil
mar bhogha báistí nó smál ola ar eite,
is clingeann chugam giolcanna na n-éan
ceilte faoi bhláth buí an bheathnua
agus siosarnach na nduilleog nuair a sheineann
leoithne na craobhóga – tiúin mar bhriseadh tonnta.

Gobann carraig bheag a faobhar briste
amach ina spíce thíos faoi chois
chun sáil mo bhróg a phriocadh, is brúchtann
deatach scamallach aníos ón gcosán.
Cromann nóiníní a ngrian-chinn
ó scáthanna faoi dhuilliúr an tsamhraidh,
is croitheann ciaróg a sciathán iathghlas
ar a fámaireacht mheirbh síos a bealach.

Sileann braoinín drúchta anuas
ó ghéagán bláfar go héadan allais
is ritheann sé ar aghaidh ar sruth
thar chaocadh roisc is leiceann lasta,
go stopann sé is luíonn síos
ar mhuineál i measc m’fhéasóg lae,
le tromú sa bhóna oscailte léine
faoi sholas brothallach flanbhuí na gréine.

Seasta ann ar imeall an bhealaigh, mo chliabhrach
leath faoin ngrian, an leath eile is mo lámh nocht dheas
ar tí creathadh faoi scáil – seasann
na ribí gruaige suas ag lorg teasa.
Im’ aonar sa choill, le preabadh tobann,
smiotaim cith míoltóg ó mo ghnúis,
cuirim cos thar chaonach is bheacáin,
idir craobhacha, is siúlaim chun suaimhnis…


Dáiví an 21ú hAois

An t-aiteann díbheo ag píobarnach is ag puthaíl deataigh.
An tarra te ag glioscarnach agus loinnir ar lom-bhrollaigh.
Máis ag gobadh amach go mímhodhúil
as brístí gearra chomh beag le fobhrístí, is go mall
tagann spuaiceanna ar mhuineáil is ar ghuaillí nochta.

Tá cosáin, páirceanna agus gairdíní bácáilte
na cathrach agus a bruachbhailte ina gcam,
bród agus sotal ag leá le chéile ar fud na háite,
nó b’fhéidir gur glacadh tuirsiúil atá ann,
le taispeántais gan náire na cumthachta is na tan-línte.

Brúnn rothaí aonarach suas an cnoc ag Páirc Thuamhumhan,
ag iarraidh a bheith ina Adónas, sa tóir ar an aisling:
eisean mar bharrshamhail ar l’Alpe d’Huez, os comhair an peloton,
eisean in áit an íl Phortaingéalaigh ar an gclár fógraí,
an prima donna ginias leis an straois air,

snoite gan smál gan locht, dosheachanta agus uileláithreach
i ráflaí Ionú na nAistrithe, i súil siar ar an gCorn Domhanda,
ag aclaí a chuid muscailí ar gach leathanach is gach scáileán.
Mo dhuine ag greanadh a chuid matán ocsaigin-ghann,
ag dó calra luachmhar eile ar mhullach Bhóthar na Creatalaí.


Fuil sna Braillíní

Fágann tú iarsmaí díot féin i do dhiaidh,
uaireanta, tótaim agus meabhrúcháin –

do chóta oibre ina luí ag bun an bhanastair,
do chairdeagan sa seomra suí ar chúl cathaoireach,
do bhuidéal uisce sa phasáiste ar an sean-tábla teileafóin,
do bhanda gruaige ag glioscarnach ar an seilf ag ceann an staighre,

na cineálacha rudaí gurb fhéidir liom tabhairt ar ais duit;
uaireanta, tada ach grabhróga tar éis bricfeasta sa leaba.