Louis Mulcahy. Tá dánta Louis Mulcahy foilsithe i roinnt duanairí; Poetry Ireland, Stinging Fly, Stony Thursday, Boyne Berries, Sonas agus Revival ina measc. Bhí scata acu in Idir Chruach is Chuan, agus Criathar Meala, Mil na Ceardlainne, Mil ina Slaoda ó fhoilsitheoirí An Sagart. Léadh a véarsaí i Sunday Miscellany RTÉ 1, agus ar Lyric Radió. Bhain sé amach an gearrliosta do chúigear i gcomórtas Bailiúcháin as Béarla i Lios Tuathail i 2008 agus arís i 2010. Beidh a chéad chnuasach filíochtaá sheoladh ag an Fhéile Bheag Filíochta, Baile ‘n Fhirtéaraigh ar an 9ú la de Mhí na Samhna 2012. I 2004 bronnadh Céim Óinigh air ó Ollscoil Na hÉireann ar son a obair i bPotadóireacht Na Caolóige. Is eagarthóir é ar an Fhéile Bheag Filíochta.Tá sé pósta leis an Ealaíontóir Táipéis, Lisbeth Mulcahy. Is breá leis a bheith ag déanamh glóir.
Four poems in Irish by Louis Mulcahy
Dóchas sna hAibhleoga
Dílseoirí gioblacha na Gaeilge
á n-ionsaí ó gach aon taobh
loctha mar chaoire fé aiteann
an tor ina choróin dheilgneach
á bpriocadh is á gciapadh.
Croí lárnach mar thine spíonta;
gríosach ag dul chun báis
ach anois is arís ag brúchtadh aníos
chun aibhleoga a scaipeadh thar claí.
Aibhleoga a dheargódh agus a dh’athbheodh
úr, saor, tuisceanach
mórálach as a n-iarta féin.
Cleachtadh Domhnaigh
Domhantaí beannaithe
ceathrú chéid ó shin;
ardú chroí orainn
agus daoine ag teacht
ina sruthanna suaimhneacha
ó gach ceathrú den bParóiste
chun bailiú isteach sa tsáipéal;
na slite tréigthe ina ndiaidh.
Sea, is sinne beannaithe chomh maith
ar bhóithre ciúine na nDomhantaí;
agus Lasse dhá bhliain déag d’aois
ag foghlaim tiomána.
Cruach Mhárthain
Éalaíonn m’anáil
nuair a fhéachaim ort
mo sheoid stuama sheasamhach
id’ chlóca mín trédhearcach.
Is maith liom thú i lár a’ lae
dealramh na gréine ar chruth agus dreach
is aríst i gclapsholas an tráthnóna
gealach cheanúil ag maisiú do chinn.
Ach is fearr liom ar fad thú ag breacadh lae
‘s drúcht na maidine go bog ar do ghrua;
solas cúthail ag féachaint cliathánach
ar d’anam a luíonn leathnocht.
Ag na hamanta san tagann rabharta im’ chuid fola
a chasann mo cheann, a mhúsclaíonn fonn.
Ó Chloichear go Glaise
Bhíomar cráite
ag caoirigh scrathacha, scáinte
go raibh nós acu teacht is lonnú ’nár bpaiste
chun dochar a dhéanamh dár saothar
gach uair a bhíomar as láthair.
D’osclaíodar ár ngeata ar a slí isteach
is dhúnadar é laistiar dóibh.
Sea, bhíodar cliste, sleamhain is tapaidh;
ach ní rabhadar tapaidh a ndóthain don mbuachaill
a ghabh is a chaith i mo veain iad
chun saoire fadtéarma a bhronnadh
ar bharra na haille deich mhíle ó bhaile.
Tá fear anois ag siúl ar an bhfód seo
is tochas ag loscadh a chinn is a thóna.